Is leabhar faoi ríomhairí é seo agus leabhar faoi theangacha san am céanna. Ar an chéad amharc, seans nach gceapfá go bhfuil dóthain i gcoiteann ag an dá rud le leabhar a scríobh faoi. A mhalairt atá fíor, áfach. Cé gur forbraíodh an ríomhaire ar dtús chun ríomh matamaiticiúil a dhéanamh, is mar uirlis chumarsáide a úsáidtear an ríomhaire go príomha anois, bíodh sin chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh, chun suímh idirlín a fhoilsiú nó chun cáipéisí a scríobh. Bíonn an chumarsáid sin ar siúl i dteanga dhaonna éigin i gcónaí, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa tSínis nó i gceann ar bith eile den 6,000 éigin teanga atá ar domhan. Sa bhreis ar chumarsáid idir dhaoine, bíonn cumarsáid ar siúl de shíor idir an duine agus an ríomhaire freisin: deir an ríomhaire rudaí leat trí mheán pictiúr agus scríbhinní ar an scáileán agus deir tusa rudaí leis ach cliceáil ar chnaipí agus ar naisc. Tarlaíonn formhór na cumarsáide seo trí mheán na teanga daonna. Dá bhrí sin, tá cúrsaí teanga tábhachtach, lárnach fiú, sa ríomhaireacht.
Deirtear go bhfuil timpeall is 6,000 teanga ar domhan. Ní mar a chéile aon dá cheann díobh agus tá riachtanais faoi leith ag gach ceann acu: úsáidtear carachtair dhifriúla chun iad a scríobh, tá nósanna difriúla acu maidir le formáidiú téacs agus uimhreacha, maidir le caipitliú agus poncaíocht, maidir le sórtáil aibítreach, agus mar sin de. Pléifidh muid le roinnt mhaith de na nithe seo i gCaibidlí 1–6. Tabharfaidh na caibidlí sin léargas don léitheoir ar na córais éagsúla scríbhneoireachta atá ar domhan, cinn Eorpacha go háirithe. Tabharfaidh na caibidlí sin léargas chomh maith ar na bealaí a cumadh i rith stair na ríomhaireachta chun dul i ngleic leis na córais éagsúla scríbhneoireachta seo. Beidh dóthain eolais ag an léitheoir ansin chun fadhbanna praiticiúla a réiteach ó lá go lá, mar shampla síntí fada na Gaeilge gan a bheith á dtaispeáint i gceart nó an próiseálaí focal a bheith de shíor ag athrú réamhfhocal ‘i’ na Gaeilge go ‘I’ mór an Bhéarla.
Tá réimse leathan áiseanna ríomhaireachta ar fáil chun cuidiú le daoine téacs a scríobh i dteanga amháin agus chun é a aistriú go teanga eile: seiceálaithe litrithe, seiceálaithe gramadaí, córais mheaisínaistriúcháin, foclóirí leictreonacha. Pléifidh muid leis na háiseanna seo i gCaibidlí 7–10. Tabharfaidh na caibidlí sin léargas ar an saghas áiseanna atá ann, ach sa bhreis air sin, tabharfaidh siad eolas agus tuiscintí don léitheoir a chuideoidh leis nó léi féachaint ar na háiseanna seo go criticiúil. Tá buntáistí agus míbhuntáistí, láidreachtaí agus laigí ag baint le seiceálaithe litrithe, leis an mheaisínaistriúchán agus lena leithéidí. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh na húsáideoirí cathain is féidir muinín a bheith acu astu agus cathain nach féidir. Ar chúrsaí aistriúcháin go háirithe a bheidh an bhéim i gCaibidlí 7 agus 8 agus beidh siad sin úsáideach dóibh siúd a bhfuil cúram an aistriúcháin orthu, bíodh sin mar aistritheoirí nó mar dhaoine a bhíonn ag comhoibriú le haistritheoirí agus á n-oiliúint.
I gCaibidlí 11 agus 12 athróidh muid an fócas ó chumarsáid idir dhaoine go cumarsáid idir an duine agus an ríomhaire. Beidh na caibidlí sin ag plé le logánú bogearraí. Is é is bogearra logánaithe ann ná bogearra atá aistrithe go teanga eile, go Gaeilge mar shampla, ach tá níos mó i gceist le logánú ná aistriúchán. Amharcfaidh muid ar roinnt dúshlán a bhaineann le haistriúchán bogearraí i gcomparáid le haistriúchán cáipéisí. In Éirinn, tá seantaithí ag pobal na Gaeilge ar an ríomhaire a úsáid trí Bhéarla, ach tá roinnt mhaith bogearraí ar fáil i nGaeilge agus tabharfaidh na caibidlí seo leideanna don léitheoir maidir leo siúd.
Beidh Caibidlí 13 agus 14 ag plé le suímh idirlín dhátheangacha agus ilteangacha. Sna caibidlí seo, beidh muid ag féachaint ar na cleachtais atá ann chun suíomh idirlín a réiteach go hilteangach. Beidh muid ag díriú ar cheisteanna ar nós: Cad é an bealach is fearr chun deis a thabhairt don léitheoir athrú ó theanga go teanga? Cén teanga ina dtabharfaidh muid an suíomh don léitheoir ar dtús, sula ndéanfaidh sé nó sí féin aon rogha? An bhfuil muid cinnte go mbeidh muid in ann ábhar a fhoilsiú ar an suíomh i ngach teanga i gcónaí? Cad a dhéanfaidh muid nuair nach mbeidh muid in ann aistriúchán a fháil tapa go leor?
Níl an leabhar seo dírithe ar speisialtóirí ríomhaireachta. Tá sé dírithe ar dhaoine arb úsáideoirí ríomhairí iad sa ghnáthchiall den fhocal. Beifear ag súil go bhfuil tú ar do chompord leis an ríomhaire, go dtuigeann tú conas an próiseálaí focal agus an ríomhphost a úsáid agus conas brabhsáil ar an Idirlíon. Seachas sin, níl aon rud eile ag teastáil ach an toil chun do chuid scileanna ríomhaireachta a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile.
Ní ar scileanna ríomhaireachta amháin atá an leabhar seo dírithe, ach ar scileanna ilchultúrtha freisin, scileanna atá ag teastáil le go bhféadfadh duine feidhmiú go rathúil i dtimpeallacht ilteangach. Is é an saghas duine a bhainfidh tairbhe as an leabhar seo ná riarthóirí san earnáil phoiblí i dtíortha ilteangacha nó lucht margaíochta i gcomhlachtaí ilnáisiúnta, mar shampla. Ní orthu siúd amháin atá an leabhar dírithe, áfach. Anois agus domhandú an tsaoil ag dul i dtreise, is minic a chastar le teangacha éagsúla fiú in áiteanna a bhíodh aonteangach roimhe seo. Is minic le daoine anois píosaí beaga téacs a láimhseáil i dteangacha nach dtuigeann siad féin, ainmneacha daoine nó logainmneacha iasachta, cuir i gcás. Is minic eagraíochtaí ag foilsiú ábhair go hilteangach, ar pháipéar agus ar an Idirlíon, agus é sin á dhéanamh i dteangacha nach dtuigeann formhór na foirne acu. Cé nach bhfuil sé i gceist sa leabhar seo aon teanga faoi leith a theagasc don léitheoir, ba chóir go bhfaigheadh an léitheoir tuiscint ar ilchineálachas teangeolaíoch an domhain (agus na hEorpa go háirithe) agus ar na himpleachtaí dó féin sa chás sin. Tá sé mar sprioc sa leabhar scileanna agus eolas a thabhairt do léitheoirí a chuideoidh leo ábhar a láimhseáil i dteangacha éagsúla agus é sin a dhéanamh ar bhealach a thabharfaidh a gceart do na teangacha sin agus do lucht a labhartha.
Cé go bhfuil an leabhar seo i nGaeilge agus cé go ndéantar tagairt ann don Ghaeilge agus d’Éirinn go minic, ní leabhar faoin Ghaeilge ná faoi Éirinn é. Baineann na téamaí a fhorbraítear anseo le gach teanga agus le gach tír. Níl cás na Gaeilge eisceachtúil in aon chor le hais teangacha eile an domhain, idir mhór agus bheag. Beidh an t-eolas sa leabhar seo úsáideach fiú don té nach mbíonn ag plé leis an Ghaeilge ar chor ar bith má phléann sé le teangacha eile. Go deimhin, baintear úsáid go fial as samplaí i dteangacha seachas an Ghaeilge tríd an leabhar chomh maith.
Bíodh go bhfuil fócas ilteangach sa leabhar, is ar an Eoraip agus ar theangacha na hEorpa atá sé ag díriú go príomha. Déantar trácht anois is arís ar theangacha níos faide amach, leithéidí na hAraibise agus na Sínise, nuair is gá. Seachas sin, áfach, is ó dhearcadh an Eorpaigh agus don léitheoir Eorpach a scríobhadh an leabhar seo.
Tá an leabhar seo ceaptha a bheith ina threoir phraiticiúil agus chuige sin, baintear an-úsáid as samplaí chun na coincheapa agus na prionsabail a mhínítear anseo a léiriú ar bhogearraí éagsúla. Mar sin, feicfidh tú an-chuid tagairtí do bhogearraí ar nós Microsoft Windows, Linux, Android, Microsoft Office, OpenOffice, LibreOffice, Mozilla Firefox, Google Chrome agus eile. Ná bí ag súil, áfach, go n-aimseoidh tú sampla anseo i gcónaí den bhogearra atá á úsáid agat féin ná don leagan is deireanaí ann. Gach saghas bogearra dá bhfuil ann, idir chórais oibriúcháin, phróiseálaithe focal, bhogearraí ríomhphoist agus bhrabhsálaithe idirlín, tá réimse leathan bogearraí éagsúla ar fáil agus eisítear leaganacha nua díobh go minic. Ní féidir an éagsúlacht sin ar fad a chlúdach in aon leabhar amháin, agus ní bheadh éifeacht lena leithéid. Is tábhachtaí i bhfad na coincheapa ginearálta atá taobh thiar de na bogearraí. Is é sin is ábhar don leabhar seo.
Ní dhéantar aon idirdhealú mór sa leabhar seo idir ríomhairí deisce agus glúine ar thaobh amháin, agus táibléid agus gutháin chliste ar an taobh eile. Is ríomhairí iad go léir. Fiú na gutháin chliste nach bhfuil cuma an ríomhaire orthu toisc nach bhfuil méarchlár ná luchóg leo, is ríomhairí iad, agus is ríomhchláir iad na haipeanna atá orthu. Mar sin, clúdaíonn an leabhar seo saol na ríomhairí agus saol na nguthán cliste araon agus feicfidh tú tagairtí don ghuthán cliste sa leabhar anseo agus ansiúd.
Ní leabhar é seo faoin ríomhtheangeolaíocht ná faoi phróiseáil teanga nádúrtha mar dhisciplíní acadúla agus innealtóireachta. Níl sé i gceist sa leabhar na coincheapa atá sna disciplíní seo a theagasc don léitheoir, mar shampla an pharsáil ná an leamú ná an mheaisínfhoghlaim, ach amháin sa mhéid go bhfuil éifeacht acu ar eispéireas an úsáideora dheiridh.
An chumarsáid scríofa is fócas don leabhar seo seachas an chumarsáid labhartha. Ní luaitear aithint urlabhra ná sintéis urlabhra ann. Réimsí spéisiúla iad seo iontu féin ach, faraor, tá siad lasmuigh de réimse saineolais an údair.
Tá suíomh idirlín ag gabháil leis an leabhar seo: http://lexiconista.com/arit. Feicfidh tú tagairtí don suíomh sin ar fud an leabhair mar is ann a chuirtear tuilleadh eolais agus ábhair ar fáil nárbh fhéidir slí a aimsiú dóibh sa leabhar clóite. Moltar don léitheoir cuairt a thabhairt ar an suíomh go minic le linn dó nó di an leabhar a léamh. Ar bhealach, ní leabhar amháin atá anseo ach pacáiste de leabhar móide suíomh idirlín. Beidh an suíomh á athnuachan go leanúnach tar éis fhoilsiú an leabhair. Mar sin, is ann a bheith an t-eolas is deireanaí i gcónaí maidir le bogearraí éagsúla i dteangacha éagsúla.
Tá codanna den leabhar seo bunaithe ar mhodúl sa ríomhaireacht ilteangach a bhí á theagasc agam ar feadh cúpla bliain in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar chuid de chúrsa iarchéime sa chleachtas dátheangach. Meascán atá sa leabhar d’ábhar an mhodúil sin, de scríbhinní eile a d’fhoilsigh mé in áiteanna éagsúla leis na blianta, agus d’ábhar atá iomlán nua. Aon chuid den leabhar a bhí i gcló cheana, tá sé athscríofa agus tá atheagar curtha air sa tslí go seasann an t-iomlán mar shaothar neamhspleách.
Is minic a leanann caibidil as an chaibidil roimpi, mar sin, mura bhfuil cúis eile ag an léitheoir, mholfainn dó nó di an leabhar a léamh ó thús go deireadh san ord ina bhfuil sé. Ina dhiaidh sin féin, tá gach caibidil dírithe ar ábhar faoi leith agus is féidir iad a léamh go neamhspleách freisin.
Cibé bealach a thabharfaidh tú faoi, guím turas taitneamhach ort, a léitheoir.