An Ríomhaire Ilteangach

Fáilte chuig suíomh an leabhair An Ríomhaire Ilteangach. Treoirleabhar don teicneolaíocht teanga atá ann atá dírithe ar an léitheoir ginearálta. Léitheoireacht riachtanach é seo do gach duine a láimhseálann breis is teanga amháin ar an ríomhaire. Ceannaigh an leabhar ón fhoilsitheoir »

Pictiúr an údair Údar an leabhair

Innealtóir ríomhaireachta é Michal Boleslav Měchura. Chaith sé tréimhse fhada ag obair le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le Tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge le Foras na Gaeilge. Ba é a chruthaigh an t-infreastruchtúir ríomhaireachta ar thionscadail éagsúla i réimse na teicneolaíochta teanga, ina measc téarma.ie, logainm.ie, teanglann.ie agus potafocal.com. Tá céim mháistreachta sa ríomhtheangeolaíocht aige ó Choláiste na Tríonóide agus tréimhse caite aige mar innealtóir logánaithe bogearraí le Microsoft. Tá sé i mbun PhD sa ríomhtheangeolaíocht in Ollscoil Masaryk i láthair na huaire. Tá trí theanga daonna agus iliomad teangacha ríomhchlárúcháin ar a thoil aige. Breis eolais faoin údar »

Nascanna

Foildsíodh léirmheas de An Ríomhaire Ilteangach in eagrán 2018 den iris Léann Teanga: An Reiviú.

Éist le hagallamh raidió leis an údar faoin leabhar agus faoin ríomhaireacht ilteangach go ginearálta ("Aon Scéal", Raidió na Life).

Tá Fiontar agus an Scoil na Gaeilge, DCU, ag tuairisciú faoi ócáid seolta an leabhair ar a mblag.

Bhí Michal Boleslav Měchura, údar an leabhair An Ríomhaire Ilteangach, faoi agallamh sa chlár Aon Scéal ar Raidió na Life. Éist leis an agallamh anseo »

gailearaí grianghraf ó Sheimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge foilsithe ag Tuairisc.ie.

Foilsíodh cuntas ar Sheimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar an bhlag Teic na nGael.

Seoladh An Ríomhaire Ilteangach ag Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge ar champas DCU i mBaile Átha Cliath. Lá lán de chainteanna a bhí ann ó dhaoine i saol na Gaeilge a bhaineann úsáid nuálaíoch as an ríomhaireacht ina gcuid oibre. An tOllamh Kevin P. Scannell, Ollscoil Saint Louis, a sheol an leabhar ag deireadh an lae. Bhí breis is 50 duine i láthair ag an seimineár agus craoladh beo ar an Idirlíon é. Beidh físeáin na gcainteanna ar fáil ar líne ar ball. Idir an dá linn, féach #RíomhNaG ar Twitter!

Tá An Ríomhaire Ilteangach ina leabhar na seachtaine in Seachtain, forlíonadh Gaeilge de chuid Irish Independent.

Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.