Caibidil 3: Aibítir amháin, iliomad teangacha

Is í an aibítir Laidineach atá in úsáid i bhformhór theangacha na hEorpa. Ina dhiaidh sin féin, tá difríochtaí idir na dóigheanna a mbaineann na teangacha éagsúla úsáid as an aibítir sin, agus tá impleachtaí dá réir ann do phróiseáil téacs ar ríomhaire. Beidh muid ag plé leis na difríochtaí sin sa chéad dá chaibidil eile. Ar dtús, breathnóidh muid ar an dóigh a gcuireann teangacha éagsúla an aibítir Laidineach in oiriúint dóibh féin.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • An aibítir Laidineach ó theanga go teanga
  • Caipitliú litreacha ó theanga go teanga
  • An t-uathcheartúchán agus spleáchas ar theanga

ÁBHAR BÓNAIS

Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.