Caibidil 10: Foclóirí

Cuid thábhachtach den saol is ea an foclóir ag an té atá dátheangach nó ilteangach. Agus, ar na saolta seo, is i bhfoirm leictreonach is mó a úsáideann muid foclóirí seachas ar pháipéar, mar shampla ar shuíomh idirlín nó mar aip ar an ghuthán póca. Pléifidh an chaibidil seo le foclóirí leictreonacha agus le háiseanna eile tagartha teanga atá ar fáil ar an Idirlíon. Míneofar na nithe is fiú a bheith ar eolas agat chun an rud atá uait a aimsiú san fhoclóir go saoráideach agus chun an fhaisnéis a thugann an foclóir duit a thuiscint.

Is cinnte gur bhain tú úsáid as foclóir leictreonach roimhe seo agus seans go gceapann tú nach mór an t-ábhar le plé é. Ach tá scileanna ag teastáil chun leas a bhaint as foclóir go héifeachtach, mar atá le gach uirlis.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • Foclóirí agus áiseanna nach foclóirí iad
  • Cuardach agus aimsiú
    • Teanga an chuardaigh
    • Foirmeacha infhillte sa chuardach
    • Saoróga sa chuardach
    • Seiceáil litrithe sa chuardach
  • Faisnéis an fhoclóra a thuiscint
Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.