Caibidil 9: Aistriúchán ríomhchuidithe

Is iomaí athrú atá tagtha ar shaol an aistritheora de bharr na ríomhaireachta. I gCaibidil 8, thagair muid don mheaisínaistriúchán i a bhíonn á úsáid uaireanta mar chuid de phróiseas aistriúcháin ina bhfuil an duine agus an ríomhaire ag obair as lámha a chéile. Go deimhin, sa lá atá inniu ann, is é an comhoibriú idir duine agus ríomhaire an gnáthnós oibre ag aistritheoirí agus comhlachtaí aistriúcháin gairmiúla.

Cé nach féidir an ríomhaire a chur in áit an duine go hiomlán, is féidir leis an ríomhaire cuidiú le céimeanna áirithe den obair. Tugtar aistriúchán ríomhchuidithe ar an nós seo: tá an t-aistriúchán fós faoi stiúir an duine, ach tá bogearra ríomhaireachta á úsáid aige (in ionad gnáthbhogearra próiseála focal) a chuidíonn leis le linn na hoibre. Is féidir le haistritheoirí feabhas a chur ar a gcuid oibre, idir caighdeán agus tapúlacht, ach bogearra aistriúcháin ríomhchuidithe a úsáid. Mar sin, is le bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe a bheidh muid ag plé sa chaibidil seo. Ní d’aistritheoirí amháin a bheidh an chaibidil seo úsáideach ach do gach duine a bhíonn ag plé le haistritheoirí, mar shampla daoine a dhéanann obair aistriúcháin a bhainistiú nó a choimisiúnú.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • An dóigh a n-oibríonn bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe
  • Gnó na gcuimhní aistriúcháin
  • Aistriúchán = réamhaistriúchán + iareagarthóireacht
  • Áiseanna téarmaíochta i mbogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe
Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.