Caibidil 1: An domhan ag scríobh

Is iomaí síneadh a bhain teangacha na hEorpa as bunaibítir na Laidine in imeacht aimsire – gan trácht ar an iliomad teangacha ar domhan a scríobhtar le haibítir iomlán éagsúil. Istigh i gcroí an ríomhaire, áfach, tá gach téacs á stóráil mar shraith uimhreacha. Sa chaibidil seo caithfidh muid súil ar na córais scríbhneoireachta éagsúla atá ar fud an domhain, ar na bealaí éagsúla a cumadh le linn stair na ríomhaireachta chun téacs a iompú ina uimhreacha agus ar ais, agus ar an dóigh a bhfuil (nó nach bhfuil) na bealaí sin ag freastal ar theangacha éagsúla an domhain.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • Ionchódú carachtar
  • Ionchódú an Bhéarla: ASCII
  • Aibítrí na Eorpa
  • Ré na dtacar carachtar
  • An téacs truaillithe
  • Seo chugainn Unicode
  • Ionchódú téacs i mbogearraí éagsúla

ÁBHAR BÓNAIS

Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.