Caibidil 13: Ilteangachas ar an Idirlíon I

Sa dá chaibidil dheireanacha den leabhar seo pléifidh muid le suímh idirlín dhátheangacha agus ilteangacha. Tá forluí áirithe idir an t-ábhar seo agus ábhar na caibidle roimhe sa mhéid gur bogearraí iad suímh idirlín agus baineann na dúshláin chéanna leo. Ach tá gnéithe sa bhreis ag baint le suímh idirlín nach dtagann chun cinn, chomh minic sin ar aon nós, i mbogearraí eile – toisc nach bogearra amháin atá sa suíomh idirlín ach meán cumarsáide freisin.

Ábhar mór is ea cúrsaí ilteangachais ar an Idirlíon a bhféadfaí leabhar iomlán a líonadh leis. Sa leabhar seo beidh an t-ábhar sínte thar dhá chaibidil. Sa chaibidil seo beidh muid ag féachaint ar ghnéithe réasúnta simplí meicniúla a bhaineann le suíomh idirlín a réiteach sa chaoi go bhfreastalódh sé ar bhreis is teanga amháin. Beidh ábhar na caibidle seo úsáideach duit más ag obair in eagraíocht stáit atá tú, mar shampla, agus más ort atá an dualgas suíomh dátheangach nó ilteangach a choimisiúnú ó sholáthróir seachtrach nó ó innealtóir: is fearr a bheidh a fhios agat, tar éis duit an chaibidil seo a léamh, cad ba cheart duit a éileamh.

Beidh an chéad chaibidil eile ag plé le ceisteanna níos ginearálta a bhaineann le straitéis teanga sa chumarsáid leictreonach. Ceisteanna straitéise agus bainistíochta atá iontu siúd seachas ceisteanna innealtóireachta. Ar dtús, áfach, ar aghaidh linn chuig na ceisteanna innealtóireachta.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • Teangacha inghlactha an úsáideora
  • Teanga a thomhas ó shuíomh geografach
  • Rogha teanga ar splancscáileán
  • Malartú ó theanga go teanga
  • Siombailí teanga
  • An teanga agus an URL
  • Carachtair bhreisithe in URL

ÁBHAR BÓNAIS

Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.