Caibidil 12: Logánú bogearraí

Bhí an chaibidil roimhe seo ag plé le bogearraí atá fós i mBéarla (nó cibé teanga inar cruthaíodh iad), ach a bhfuil áiseanna ar fáil iontu chun freastal ar riachtanais teangacha eile agus cultúr eile. Sa chaibidil seo, beidh muid ag plé le bogearraí atá aistrithe, nó logánaithe, go hiomlán.

Tá sé tábhachtach cuimhneamh i gcónaí go bhfuil níos mó i gceist le logánú ná an t-aistriúchán féin – cé gurb é an t-aistriúchán an ghné is suntasaí de. Sular féidir tús a chur leis an aistriúchán, tá obair idirnáisiúnaithe i gceist, agus uaireanta, cuirtear áiseanna nua glan leis an bhogearra, áiseanna nach raibh sa bhunleagan Béarla. Mar shampla, má cheannaíonn tú Microsoft Word nó Microsoft Office sa Ghearmáin, ní hamháin go bhfuil an bogearra aistrithe go Gearmáinis ach tá litreoir agus gramadóir na Gearmáinise mar chuid de, rud nach bhfuil sa leagan Béarla de.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • Modhanna logánaithe
    • Craiceann teanga
    • Babhtáil bheo
    • Meascán teangacha ar do scáileán
  • Dúshláin an logánaithe
    • Spás ar scáileán
    • Comhchaitéiniúchán téacs
    • Freagraí yes agus no
Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.