Caibidil 14: Ilteangachas ar an Idirlíon II

Sa chaibidil roimhe seo bhí muid ag plé leis na roghanna teicniúla agus leis an infreastruchtúr a chuireann an tIdirlíon ar fáil chun freastal ar na riachtanais teanga ag úsáideoirí agus foilsitheoirí suímh idirlín. Sa chaibidil atá romhainn anois beidh muid ag plé leis na dóigheanna chun úsáid a bhaint as na roghanna sin agus as an infreastruchtúr sin. Tá an dá chaibidil ceaptha go háirithe don té a bheadh i mbun suíomh idirlín dátheangach nó ilteangach a phleanáil nó a choimisiúnú ó sholáthróir seachtrach.

Tá breis suntais á tabhairt do chúrsaí ilteangachais ar an Idirlíon le blianta beaga anuas. Ar an chéad dul síos, le fada an lá, tá céatadán na mBéarlóirí aonteangacha ar an Idirlíon ag dul i laghad agus tá méadú ag teacht ar feadh an ama ar líon úsáideoirí an Idirlín nach é an Béarla a dteanga dhúchais nó nach é an Béarla an teanga is fearr leo. Sa bhreis air sin, tá an tIdirlíon chomh forleathan anois gurb é an meán cumarsáide is coitianta é idir daoine agus institiúidí. Aon duine atá ag lorg eolais ó chomhlacht gnó nó ó eagras stáit, seans maith gur chuig suíomh idirlín na heagraíochta a rachaidh sé nó sí ar dtús, mar rogha ar aon mhodh cumarsáide eile, mar shampla ríomhphost a scríobh nó glaoch teileafóin a dhéanamh. Mar thoradh ar na hathruithe sóisialta seo, is é an suíomh idirlín anois an príomhbhealach cumarsáide leis an phobal ag an-chuid eagraíochtaí, san earnáil phoiblí go háirithe.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • Cineálacha suímh idirlín ilteangaigh
  • Riachtanas agus éileamh
    • An bhfuil dualgas reachtúil orainn?
    • An bhfuil sé ar ár gcumas?
    • An mbeidh éileamh air?
    • An mian linn é a dhéanamh?
  • An tairiscint teanga
  • Bearnaí ábhair
Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.