Iarfhocal

Tá deireadh an leabhair sroichte agat – comhghairdeas! Tá súil agam gur éirigh liom a chur ina luí ort sa leabhar gur ábhar le háireamh é an réimse seo ina dtagann ríomhairí agus teangacha le chéile.

Is ábhar le háireamh é ar dhá chúis. Uimhir a haon, tá teicneolaíocht na faisnéise tar éis teacht chun cinn go mór le déanaí agus is é an ríomhaire an ghnáthuirlis cumarsáide anois, san áit a mbíodh an páipéar nó an teileafón roimhe seo. Uimhir a dó, tá an domhan tar éis éirí níos ilteangaí: bíonn muid ag bualadh le daoine de chúlraí éagsúla a bhfuil teangacha éagsúla acu agus, dá bharr sin, bíonn orainn déileáil le hábhar i dteangacha éagsúla mar ghnáthchuid den saol oibre. Tá sé seo ag tarlú ar scála idirnáisiúnta, mar thoradh ar an inimirce, agus ar scála áitiúil náisiúnta freisin, mar thoradh ar an ardú stádais atá á thabhairt do theangacha na mionlach agus na réigiún ar fud na hEorpa le déanaí.

Chun feidhmiú go rathúil sa saol nua seo, teastaíonn scileanna nua agus tuiscintí nua. Tá sé mar mhisean ag an leabhar seo na scileanna agus na tuiscintí sin a fhorbairt. Is féidir ábhar an leabhair a tharraingt le chéile sna trí cheacht seo a leanas.

Ceacht 1: Tá difríochtaí idir theangacha. D’fhéadfadh mionrud beag a bheith i gceist, dála caipitliú ainmneacha, nó rud mór tábhachtach, mar shampla tuiscintí ar bhrí an fhocail náisiúntacht. Botún coitianta is ea glacadh leis gurb ionann rud i mo theanga féin agus i dteanga eile: formáidiú dátaí, ord sórtála aibítreach agus eile. Go minic, is féidir le ríomhchlár cuidiú leat na difríochtaí seo a ionramháil ach a rá leis cén teanga ina bhfuil an t-ábhar. Deirtear go bhfuil na feidhmeanna sin spleách ar theanga: tá siad de réir na teanga atá i gceist. Tá bogearraí oifige breac le feidhmeanna atá spleách ar theanga ach eolas a chur orthu.

Ceacht 2: Rud casta is ea acmhainn teanga an duine. Is féidir le ríomhairí aithris a dhéanamh ar chuid den ionramháil a dhéanann daoine ar theanga, ach ní féidir an ríomhaire a chur in áit an duine go hiomlán. Mar shampla, is féidir seiceálaí litrithe a úsáid agus is mór an cuidiú é, ach gan a bheith ag súil go mbeidh an ceart aige i gcónaí. Is féidir bogearra meaisínaistriúcháin a chur i bhfeidhm ach glacadh leis nach mbeidh an t-aistriúchán céad faoin chéad ceart i gcónaí. Caithfidh an ríomhaire agus an duine oibriú as lámha a chéile chun an toradh is fearr a bhaint amach.

Ceacht 3: Ní maisiúchán í teanga. Má tá muid chun cumarsáid phoiblí a dhéanamh go dátheangach nó go hilteangach, ar shuíomh idirlín mar shampla, is gá sin a dhéanamh ar bhealach a fhreastalaíonn go fiúntach ar phobail labhartha na dteangacha sin. Mar shampla, botún agus cur amú ama is ea ‘logánú leisciúil’ a dhéanamh ar shuíomh idirlín, is é sin, fráma an tsuímh a bheith dátheangach ach príomhábhar gach leathanaigh a fhágáil aonteangach. Ní thugann sé sin aon luach breise do lucht na teanga atá fágtha ar an ghannchuid, ach ísliú gradaim don teanga agus díomá don úsáideoir. Chun cumarsáid dhátheangach a dhéanamh, caithfear cumarsáid dhátheangach a dhéanamh i bhfírinne seachas i gcosúlacht.

An té a thabharfaidh toradh ar na ceachtanna seo, beidh sé lán-inniúil ar mhaireachtáil i sochaí ilteangach ardteicneolaíoch an lae inniu.

Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.