MICHAL BOLESLAV MĚCHURA
Treoirleabhar don teicneolaíocht teanga atá dírithe ar an léitheoir ginearálta. Léitheoireacht riachtanach do gach duine a láimhseálann breis is teanga amháin ar an ríomhaire.
GAEILGEGA ENGLISHEN
8 BEALTAINE 2017 DCU, BAILE ÁTHA CLIATH

Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge

Lá lán de chainteanna ó dhaoine i saol na Gaeilge a bhaineann úsáid nuálaíoch as an ríomhaireacht ina gcuid oibre. Á óstáil ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU. Seolfar an leabhar An Ríomhaire Ilteangach, arna fhoilsiú ag Cois Life, mar chuid den ócáid.

Facebook Live  facebook.com/coislife

Cén t-am, cén áit?

Beidh an seimineár ar siúl Dé Luain, 8 Bealtaine 2017 ó 10:00 ar maidin go 4:00 tráthnóna, ar Champas na Naomh Uile de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath. Is éasca an láthair a bhaint amach ó lár na cathrach leis an iompar poiblí nó de shiúl na gcos fiú. Beidh líon teoranta pasanna páirceála ar fáil freisin más maith leat teacht le carr agus páirceáil ar an champas. Gheobhaidh tú tuilleadh treoracha tar éis duit clárú.

Clárú

Tá cuireadh oscailte ag gach duine chuig an seimineár ach tá muid ag iarraidh ort clárú roimh ré le teachtaireacht ríomhphoist chuig arit@lexiconista.com faoi 28 Aibreán.

Craoladh beo Facebook Live

Mura féidir leat bheith ansin, bí anseo! Craolfar an seimineár beo ar an Idirlíon le Facebook Live. Más maith leat féachaint ar an chraoladh, téigh chuig facebook.com/coislife (leathanach Facebook Chois Life, foilsitheoir an leabhair An Ríomhaire Ilteangach). Is ar an leathanach sin a scaipfear an craoladh ar lá an tseimineáir, 8 Bealtaine.

Clár an lae

10:00—10:15

Focal fáilte ó Michal Boleslav Měchura, údar an leabhair An Ríomhaire Ilteangach.

10:15—10:55

Eochairchaint le Kevin P. Scannell, Ollscoil Saint Louis

Struchtúr na Gaeilge mar bhuntáiste sa ríomhtheangeolaíocht

10:55—11:20

Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr

Úsáid éifeachtach na ríomhfhoghlama i dteagasc na Gaeilge

11:20—11:45

Colm Ó Coisdealbha, Oifig an Choimisinéara Teanga

Seirbhísí leictreonacha trí Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí

11:45—12:00: Briseadh tae

12:00—12:25

Ciarán Ó Bréartúin, nascanna.com & scríobh.ie

Méarchlár nua dátheangach d’Éirinn

12:25—12:50

Ronan Doherty, dearthóir suímh idirlín

Sona ar strae: máchailí maithe ar chomhéadain úsáideora ar líne

12:50—13:15

Neasa Ní Chiaráin, Coláiste na Tríonóide, abair.ie

Teicneolaíocht na hurlabhra agus na teanga don Ghaeilge

13:15—14:00: Briseadh lóin

14:00—14:25

Cathal Convery, Foras na Gaeilge, foclóir.ie

An ríomhaireacht agus ceird na foclóireachta

14:25—14:50

Micheál Johnny Ó Meachair, logánaitheoir bogearraí

An Ríomhacadamh: Logánú, traenáil, agus craobhscaoileadh

14:50—15:15

Aodhán Mac Cormaic, Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

Plean Digiteach don Ghaeilge: straitéis don todhchaí

15:15—16:00

Seolfaidh Kevin P. Scannell, eochairchainteoir na maidine, an leabhar An Ríomhaire Ilteangach i dteannta an údair, Michal Boleslav Měchura.

Nóta: i nGaeilge a bheidh na cainteanna uile ag an seimineár.