Caibidil 7: Litreoirí

Níl scríbhneoir ar domhan nach ndearna botún litrithe riamh, gan trácht ar na saghsanna eile botún a tharlaíonn sa scríbhneoireacht. Pléifear le litreoirí sa chaibidil seo, is é sin, le huirlisí ríomhaireachta atá ceaptha chun botúin litrithe a aithint agus a cheartú. Míneofar conas litreoir a chur ag obair i do bhogearra féin, conas a dhéanann sé a chuid oibre, cathain is féidir muinín a chur ann agus cathain nach féidir.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • An rud a dhéanann litreoir
  • Conas litreoir a úsáid i bpróiseálaí focal
  • Conas litreoir a úsáid i mbrabhsálaí idirlín
  • Fadhbanna le litreoirí
    • Fadhbanna comhréire
    • Fadhbanna céille
    • Fadhbanna foclóra
    • Fadhbanna moirfeolaíochta
Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.