Caibidil 5: Ainmneacha

Sa saol domhandaithe idirnáisiúnaithe ina maireann muid inniu, is gnách linn bheith ag déileáil le hainmneacha daoine, áiteanna, eagraíochtaí agus rudaí eile atá i dteangacha nach bhfuil ar ár dtoil againn. Is le hainmneacha a bheidh muid ag plé sa chaibidil seo. Ar leibhéal amháin, rud simplí is ea ainm, píosa beag téacs arb éasca é a chóipeáil agus a ghreamú ó áit go háit. Ach tá struchtúr in ainmneacha agus tá tréithe ag baint leo atá spleách ar theanga: is fiú bheith ar an eolas fúthu chun a bheith in ann déileáil le hainmneacha ar bhealach ceart, measúil.

Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »

Clár na caibidile

  • Caipitliú ainmneacha
  • Ainmneacha daoine
  • Sloinnte
  • Ainmneacha teangacha
  • Ainmneacha náisiúntachtaí
Clúdach an leabhair
An Ríomhaire Ilteangach
Michal Boleslav Měchura
145 leathanach
Cois Life 2017
ISBN 978-1-907494-70-3
Nóta. Cé go bhfuil an suíomh seo dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, tá an leabhar féin i nGaeilge amháin.