Is í an aibítir Laidineach atá in úsáid i bhformhór theangacha na hEorpa. Ina dhiaidh sin féin, tá difríochtaí idir na dóigheanna a mbaineann na teangacha éagsúla úsáid as an aibítir sin, agus tá impleachtaí dá réir ann do phróiseáil téacs ar ríomhaire. Beidh muid ag plé leis na difríochtaí sin sa chéad dá chaibidil eile. Ar dtús, breathnóidh muid ar an dóigh a gcuireann teangacha éagsúla an aibítir Laidineach in oiriúint dóibh féin.
Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »
Brabhsálaí na gcarachtar breisithe
Na carachtair bhreisithe a úsáidtear sna mórtheangacha Eorpacha agus iad rangaithe de réir teanga agus de réir an charachtair Laidinigh ar ar bunaíodh iad.