Sa saol domhandaithe idirnáisiúnaithe ina maireann muid inniu, is gnách linn bheith ag déileáil le hainmneacha daoine, áiteanna, eagraíochtaí agus rudaí eile atá i dteangacha nach bhfuil ar ár dtoil againn. Is le hainmneacha a bheidh muid ag plé sa chaibidil seo. Ar leibhéal amháin, rud simplí is ea ainm, píosa beag téacs arb éasca é a chóipeáil agus a ghreamú ó áit go háit. Ach tá struchtúr in ainmneacha agus tá tréithe ag baint leo atá spleách ar theanga: is fiú bheith ar an eolas fúthu chun a bheith in ann déileáil le hainmneacha ar bhealach ceart, measúil.
Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »