Tá cuma na míorúilte ar na hinnill mheaisínaistriúcháin ar nós Google Translate: cuirtear téacs isteach i dteanga amháin agus, voilà, tagann sé amach i dteanga eile. Nach réiteach críochnúil é sin ar an bhacainn chumarsáide a eascraíonn as iomadúlacht teangacha an domhain? Ach is minic nach mbíonn dea-scéal fíor agus is amhlaidh nach bhfuil sé fíor sa chás seo ach oiread. Tá míbhuntáiste ag baint leis an mheaisínaistriúchán sa mhéid nach féidir bheith cinnte riamh gur aistriúchán cruinn é. Míneoidh an chaibidil seo conas a oibríonn an meaisínaistriúchán agus conas úsáid a bhaint as go ciallmhar.
Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »