Cuid thábhachtach den saol is ea an foclóir ag an té atá dátheangach nó ilteangach. Agus, ar na saolta seo, is i bhfoirm leictreonach is mó a úsáideann muid foclóirí seachas ar pháipéar, mar shampla ar shuíomh idirlín nó mar aip ar an ghuthán póca. Pléifidh an chaibidil seo le foclóirí leictreonacha agus le háiseanna eile tagartha teanga atá ar fáil ar an Idirlíon. Míneofar na nithe is fiú a bheith ar eolas agat chun an rud atá uait a aimsiú san fhoclóir go saoráideach agus chun an fhaisnéis a thugann an foclóir duit a thuiscint.
Is cinnte gur bhain tú úsáid as foclóir leictreonach roimhe seo agus seans go gceapann tú nach mór an t-ábhar le plé é. Ach tá scileanna ag teastáil chun leas a bhaint as foclóir go héifeachtach, mar atá le gach uirlis.
Tá an chaibidil le léamh sa leabhar clóite »